School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 033
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí ógánach ann go raibh nós aige fanamhaint amuigh go déidheanach san oidhce, ag imirt cártaí agus mar sin de.”
(continued from previous page)gabháil amach uaidh. Cailín an tighe a bhí tar éis báis d'fághail. Sin a dubhradh leis, agus ná raibh de clann ag muintear an tighe acht í féin, agus bhí ana bhrón ar fad ar a h-áthair agus ar a máthair.
Labhair an fear óg leis an áthair agus d'innis sé a sgéal dó. Níor creideadh é in aon chor. Chuir an fear óg fiacaibh ortha an cómhra d'osgailt.
Nuair do h-oscladh é d'eitil a raibh ann amach agus bhí sé follamh. Bhí iongadh an domhain ar a raibh láthair. Chuaidheadar ó dheas annsan agus fuaireadar a inghean Gan amhras bhí áthas an domhain ortha agus thugadar ana bhuidheacas agus airgead leis don ogánach, mar daoine saidhbhre a b'eadh iad.- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork