School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 050
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.”
Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra. Bhíodh sí amuig gac lá ag iarraidh déirce. Bhí mac aici darab ainm Seán, agus bhí goile uathbhásach ag Seán. D'itheadh sé gach a thugadh sí isteach san oidhce.
Nuair d'fhás Seán suas in a fear, chuir sí amach é ag lorg oibre. Thug sí mála mine dó. Dimtig Sean agus bhí sé ag siubhal go dtáinig ocras air. Shuidh sé síos cois srutháin. D'ith sé an min agus dól sé uisge.
"Chaitfeas-sa filleadh airís go dtí an sean-bhean" ar seisean leis féin mar níl a thuille le n-ithe agam. D'fill sé. Bhí sise ar buille leis "Arú a mháthair" ar seisean d'itheas a raibh agam agus annsan níor bhféídir liom dul níos fuide.
Thuit an rud céadhna amach an tarna lá. Agus an tríomhadh lá nuair a bhí an mailín mine ithte aige, bhí náire air filleadh. Tháinig spideóigín cuige agus é 'na shuidhe cois an t-srutháin. Thug sé gráine mine di agus dith sí é.
Bhí Seán go brónach agus gan fhios aige cá bhfuigheadh an céad béile eile. Siubhal sé go dtí tuitim na h-oidhce. Chonnaic sé solas uaidh i bhfuinneóg agus chuaidh sé fé'n a dhéin.(continues on next page)- Informant
- Seámus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork