School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 089
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sean-duine ann fadó agus Diarmuid na Naosgach a tugtaí air.”
Fuaireas an píosa seo leanas ó Síghle Ní Scolaidhe múinteoír i sgoil Bárlinne. Fuair sise í (acht tá an cuid is mó dearmadtha aici) ón a sean-áthair Donnchadh Ó Scolaidhe Maca na Sailighe. Rugadh é inaice le Gleanngarbh. Fuair sé bás 5 blian ó shoin. Sgeálaidhe a b'eadh Donncadh Ó Sgolaidhe. Bhí sean-duine ann fadó agus Diarmuid na Naosgach a tugtaí air. Do daoradh cun a chrochta é; acht tugadh párdún dó acht dá bheársa deág do chumadh agus breág ins gach líne. File do b'eadh Diarmuid acht ní raibh a fhios san ag lucht a dhaortha. 20 nóim a fuair sé cun an bearsa do chúmadh.(1)
A ' bhfeachais an iongadh a chonnac-sa ar an mbothar
*Silithe is muc aige ag dul go dtí an pónadh
An t-eascú sa linn agus é ag cioradh a bhróga
As a 'bhfeacabhar na caoire san ngeimhreadh ag baint móna ?
(*Seilmide)Cúrfa
Monglom ó doudró, doudró díoram
Monglom ó doudró, doudró dioram
Bog do chos, tóg do chos téanam ag rinnce(2)
Longadh dá bhfeacha-sa agus mé im' pháiste
Traod'na ceangailte agus eilit id thárla
(a deer driving a fettered corncrake)
An caraod (worm) mhór agus é ag déanamh stácha
'As an dreoilín easbaig á chaitheamh in áirde- Collector
- Mary A. Crowley
- Gender
- Female
- Informant
- Síghle Ní Scolaidhe
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir