School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Page 429
- XML “Bearna Fola”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annso suas Cnocán an Radhairc, treasna Cúm Liath go dtí abha - An Mhéalach. Treasna na h-abhann agus tré bheárna falláin a chuaidh na Súilleabháinigh agus fearg fíochmhar 'na gcroidhe.Fuaireadar radharc ar na beithidhigh ag dul suas an cnoc agus suas leo 'na ndiaidh. Thángadar suas leis na Donnabháinigh as an mbearnain ar bhárr Sléibhte Fhalláín, a bhfuil radharc ar Caisleán Uí Dhonnabháin ó dheas uaidh, le fághail.Annso do troideadh cath fuilteach agus marbhuigheadh na beithidhigh go léir. Bhain na Súilleabháinigh an lámh dheas de thaoiseach na nDonnabhánach agus bhíodar sásta ansan. Deirtear gur meascadh fuil na mbeithidheach a marbhuigheadh ag Bearna Fola leis an mortéal chun caislean Uí Dhonnabháin a thógaint.
- Informant
- Tadhg O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glanareagh, Co. Cork