Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annso suas Cnocán an Radhairc, treasna Cúm Liath go dtí abha - An Mhéalach. Treasna na h-abhann agus tré bheárna falláin a chuaidh na Súilleabháinigh agus fearg fíochmhar 'na gcroidhe.Fuaireadar radharc ar na beithidhigh ag dul suas an cnoc agus suas leo 'na ndiaidh. Thángadar suas leis na Donnabháinigh as an mbearnain ar bhárr Sléibhte Fhalláín, a bhfuil radharc ar Caisleán Uí Dhonnabháin ó dheas uaidh, le fághail.Annso do troideadh cath fuilteach agus marbhuigheadh na beithidhigh go léir. Bhain na Súilleabháinigh an lámh dheas de thaoiseach na nDonnabhánach agus bhíodar sásta ansan. Deirtear gur meascadh fuil na mbeithidheach a marbhuigheadh ag Bearna Fola leis an mortéal chun caislean Uí Dhonnabháin a thógaint.
- Faisnéiseoir
- Tadhg O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Creach, Co. Chorcaí