School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 168](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_168.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 168
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus á stiuriú ar a chúrsa soir. Chuadhar mórán as a gcúrsa, toisc an captaen a bheith sínte, agus in ionad dul ag triall ar an Spáinn 's amhlaidh a thánadar go tír na h-Éireann. Ba chuma leó goidé an tír é ach é shroisint féachaint an bhfaghaidís aon fhuascailt as an gcruadh chás 'na rabhadar, mar bhíodar buailte amach ag an obair agus ar easba codhladhta. Isteach go Cuan Dor theas do thanadar, do leagadar na seólta agus do leagadar an t-anncaire uatha i lár an chuain. Chuireadar fios ar muinntir na tíre annsan. D'inniseadar dóibh conus a bhí an scéal acu. Do thug muinntir na tíre ollmhaitheas dóibh i.e. im 's bainne, 's uibhe, cearc agus neithe eile nach iad chun na daoine breóite a leigheaseadh. 'S amhlaidh a fhágaidís istig ar an dtráíg dóibh é, agus do tagaidís, muinntir na luinge, á iarraidh leis an mbád mbeag; ní lobháílfidhe ' d'aoinne acu teacht i dtír leis an droch aicíd a bhí ortha, ar eagla go dtógfadh an muinntir istig é. Do fuair beirt de na daoine breóite bás san áit úd agus cuireadh in Árann Theas iad, oileán íseal atá laistiar de bhéal an Chuain. An triúr slán, do deineadar málaí des na seana sheól agus chuireadar an t-ór agus an t-airgead isteach ionnta, agus do chuireadar i bhfolach fé sgáil na h-oíche iad i bpoll san bhfaill ar an dtaobh thoir de'n cuan i gan fhios d'aoinne beo sa long ach iad féin, le súil go bhfillidís airís ón Spáinn agus go mbeadh sé acu féin agus a(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Sean Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork