School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíodh cuigeann a dhéanamh fado ní raibh sé ceaduighthe aon teine do bhreith amach as an dtig an fhaid a bheadh an chuigeann ar siubhal.Aon duine a thagadh isteach caithfeadh sé greas a bhualadh uirthi ar eagla an ime bhreith leis.Cé no bheadh an chuigeann á dhéanamh in aoncor ach í bheith iompuighthe in aice na teine ba cheart don duine a thiocfadh isteach lámh a chur ar an loinithe agus é chorruighe cúpla uair anonn is anall.
Creidtí go mbeirtí an t-im ó daoinibh uaireannta le piseógaibh. Bhí slighe ag na sean daoine chun an té a bhéarfadh an t-im d'fagháil amach.Cuirtí soc céachta sa teine nuair a thosnófaí ar an gcuigeann á dhéanamh.Nuair deargóchadh soc an céachta thiocfadh pian ar an duine a bhí cionntach agus ní féidir léí aon sos d'faghail go dtí go rithfeadh sí cun an tighe 'na mbeadh an chuigeann á dhéanamh agus greas a bhualadh uirthi.Annsan do bheadh a gcuid ime thar n-ais airís ag muinntir an tighe.- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Muirthuille
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilfadeen, Co. Cork