School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Kilmacabea, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 207
  3. XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach nuair chuir sé scéul isteach go raibh a leithéid sin d'fhear amuigh agus go dtáinig sé thar an chéád geata in ineóin na Saighdúirí. "A" dubhairt a' Rí "Leog isteach é, Seán Ó Donnchadha ó Éirinn is eadh é. Ní fheadfadh aon fhear eile teacht ann ach Sean Ó Donncadha ó Éirinn." Chuaidh sé isteach agus bhí fáilte an domhain ag an Rí roimis, ach dubhairt a' Rí leis "Tá rud éigin trom uait tráth is go dtánaís." "Ó, tá adubhairt Seán Ó Donncadha "Níl aon níd uaim ach dlighe Shasanna bheith agam in Éirinn" "Ó" adubhairt an Rí "geobhair é, pé nídh atá uait gheobhair é." Coinnibh a' Rí é ar feadh trí no ceathair de laethanntaibh, agus bhí an Rí ag tuiseáint gach aon nídh tímcheall na cúirte dó. Well, bhí ionghad ar a' Rí gach uair a ghlanadh sé a shrón, tréís é glanadh leis an haincisiúr phóca, do chaitheadh sé an haincisiúr phóca uaidh." "Ó" adubhairt a' Rí nuair a chonnaic sé á dhéanamh "Cé'n fáth go ndeineann tú san?" "Ó a dubhairt sé ní gnáthach liom-sa an smuga a chuir im póca in aon chor." Dubhairt sé do thriall sé abhaile tréis trí nu ceithre de laethanntaibh agus na cáipéisi aige ar a raibh na coinghíll 'na phóca aige. Well do bhí an aimsir go h-olc agus go h-an 'ólc is dócha agus do goideadh caoire ó Seán Ó Donnchada, agus ní fheadar sé cad d'imthigh ar a gcaoire, ach chuaidh an caoire amú pé in Éirinn é, ach d'airig sé gur fear áirithe bhí sa ball, bhí droch thuairisc air gurb é a ghoid a' caoire uaidh ach ní raibh sé siúrálta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male