School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Page 211
- XML “An Préitséir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (I)A dhuine atá ar strae le h-éagmais t-aigne,
Daora daingean ort féin gur dhein
Nó an le taithneamh duit féin dot phéíst doth pearsain,
Do thréígis an t-aifreann agus téada anbruith,
Ar aithris aon duit, nó ar léígheas i leabhar '
Mar adubhairt an t-atar mac naomhtha linn!
An té tharcuisneóch éinne dá chléir ar thalamh,
Go mbeadh féin dá mhasla mar aon díobh san.
(II)A adhbhair baoise, a mhíle masluighthe,
D'fuilig le taithneamh do'n té mhúin sinn,
Nó ar mhachtnuís it' chroidhe go strícfá Cailbhin,
A's go mbeadh uaisle agat anuas fé't bhun
Cuir coimirc chun Críost, chun naomhtha i aingil.
Dein croidhe bhrú fairsing agus buail-se t-ucht
A mhalairt de shlighe ar bith níl agat,
Ach luighe chun aithreachais tar éis do choir
(III)Is socair do shiubhal fé-t ghúna fada,
'S tú tabhairt do theagasc fá scéamh gan bhun,
'S go mbeadh áthrach sgéile ag an dtréata leanus thú,
Da léighidis t-aigne ó'n dtaobh istig.
Geobhair casóg mhór chrónmar chaithte
Hata brim leathan 's bríste dubh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork