School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Page 222
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí beacaill ann uair amháin...”
(continued from previous page)duit an mó braon uisce sa bhfairrge.
Sí an triú ceist do chuir an Rí air n:-
"An mó nóimeat sa tsíorraidheacht?
Tá ars' an buachaill carraig de sliab amuig agus tá sí míle ar aoirde míle ar leithead, agus míle ar dhoimhneacht. Dá dtiocfadh éanín aon uair amháin ins gach céád blian agus blúirín de'n charraig sin bhreith leis gach uair nuair bheadh an sliabh go léír beirtha leis annsan do thosnóchadh an chéad nóímeat de'n tsiorraidheacht."
Annsan do labhair an Rí leis agus dubairt.
"Níl aoinne san domhain a bhfeadfadh freagra níos cruinne do thabhairt ar na ceisteanna mar thugais-sa ortha" agus fan annso liom agus beidhh tú mar mhac agam. Bhí ana-áthas ar an mbuachaill ag d'fhan sé leis an Rí agus bhí saoghal breágh aige as san amach.- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Muirthuille
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Kilfadeen, Co. Cork