School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ball breágh is eadh Bláth na Gréíne. Tá sé ar an dtaobh tuaidh de paróísde Míderos, in aice Cuan na Léíme. Tá coillte breaghtha ag fás ar thaobh cnuic na Slaodaibh ó barra na taoide go íochtar na spéire. Dá breáhtacht é agus do mhéid a crainn, níl aon préachan ann, agus tá siad in gach áit na thimceall go flúírseach. Tá siad in mBán Leithin, agus ins an Bhrághaid, i gCuan Dor, i Léím Uí Donnabháin agus i Midros, agus gan aon préachán ná nead phréacháín i mBláth na Gréine. Agus nuair a thagann stronséirí ann sa Samhradh bíonn siad ag ceistiú na ndaoine mar geall air agus iongnadh mór ortha na thaobh. D'innis sean duine dom go raibh siad ann fadó ach gur séanadar an áit toisc beart do deineadh ortha. Do bhí taoiseach na chomhnuí ann fadó agus bhí fuath aige dos na préacháin agus cuimhnig sé ar cleas cun iad do díbirt as an áit ar fad. Cuir se eorna i muga uisce beatha ar feadh seachtmhaine. Bhí uisce beatha saor san am san comh saor le uisce na sáile. Nuair a bhí an t-uisce beatha suaidhte ag an eorna agus na graineacha bog cuir sé amach fes na gcrannaibh in a raibh na(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork