Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (uimhir rolla 10272)
- Suíomh:
- Moanflugh, Co. Cork
- Múinteoir: Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 002](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0326%2FCBES_0326_002.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 002
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cailín Deas Crúidhte na mBó
Ar maidin nuair a dhearcas an chúilfhionn
Go blasta 's í ag crúdh a cuid bó
Ba comarsac bacallach búclach
Dathaithe bhí a húrla mar ór
Go triopallach snaidhmtheach fionn léi
Bhí a slamaire ag túrlach go feoir
A's do leigeas go tapaidh mo shúil léi
Le taithneamh do phlúr na mban n-ógA braoithe caol'míne gan tíol-chneis
Ar a h-éadan deas plúrach gan smól
A claon rosca ré-ghlasta úr-ghlan
'S a gruadhna ar lasadh mar rós
A déid mhion chomh geal leis an lítis
'S a béal tanaidhe cúmtha ar a gcóir
A's níl óig-bhean níos deise san tsaoghal so
Ná ailín deas crúidhte na mbóIs éasca do léimeas go luthmhar
Mar ba mhéinn liom-sa túrlach 'na treo
Chun fios fhagháil an ngeobhadh liom mar chéile
Nú an dtiocfadh sí liom go Tráighlí
Is go buadhach blasta an bhéith d'fhreagair mé-si
Níl maith dhuit bheith liom-sa mar taoi
Go bhfuighidh mé cead saor glan óm'mhuintir
Dubhairt cailín deas crúidhte na mbó(leanann ar an chéad leathanach eile)