School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 101
- XML “Aos an Domhain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Trí fear fiadh, trí fiadh fiolar, trí fiolar umaire criadh, trí umaire criadh críoch a' t-saoghail.
----------
Seo mar cómhairuightí na gabhair fadó.
Trí fichid gabhar rabhta,
Trí fichid rabhta radlach,
Trí fichid radlach ailbhín,
Trí fichid ailbhín colpa.
----------
Bhí ceathrar fear ag dul amach go luath maidean Lae Bealtaine ag cur suas cré. Do bhí rán ar a ghualainn ag gach fear aca agus é ullamh chun oibre. Nuair a bhíodar ag gabháil trís na páirceanna buail bean sa chómharsanacht na gcoinnibh. Nuair a bhí sí i n-aice leó thóg fear aca anuas a rán agus do geárr se bróbh luachra a bhí aice a' tarrac na diaidh. Nuair a gheárr sé é do thosnuig an bainne ag rith as.
----------
Bhí feirmeoir ana mhór ann agus bhí fear aige ag feachaint i ndiaidh na mbeithideach. Lá amháin tháinig bean chun an fhir agus d'fhiafruig sí dhe an 'neosfadh sé dhi cathain a bheadh laogh ag an mboin sin, agus dubhairt sé leí go 'neósfadh. D'innis sé do'n mháighistir cad dubhairt an bhean. "Innis dómh-sa ar dtúis é" ar seisean. Nuair a bhí an laogh ag an mboin do chaith an máighistir píosa aoiligh isteach i mbeal an laoigh agus d'innis an fear eile go raibh an bhó tar éis breith. Do chuaidh an beirt aca go dtí tigh na mná(continues on next page)