School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 142
  3. XML “Bean Siúil agus a Mac”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí bean siúbhail agus a mac ag gabháil bóthar Cluaindrochaid lá. Do bhí an lá ana bhrothallach agus do thánaig tuirse ar an mnaoi. Do shuidh sí ar thaobh an bhóthair fe sgáth crainn. Do thug sí ordú do'n mhac gan leigint d'aon rud teacht na goire an fhaid a bheadh se na codladh. Tareis tamaill do thánaig cuileog agus do thuit sí ar a sróin. Do chuimhnigh a mac ar an ordú agus do fuair sé bata chun an cuileog a mharbhú. Do bhúail sé an cuileóg agus d'imthigh sé go tapaigh ach do bhris srón na mháthar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann uair éigin agus bhí sé ag dul go MaghCromtha agus bhí lios ins pairch ar thaobh an bhóthair. Nuair bhí sé ag dul síos an bhóthar le h-ais an leasa do stad an capall. Bhuail sé an capall ach ní raibh aon mhaith do ann. I gcionn neomait bhí fearg air léim sé amach as an dtrucaill agus rith sé isteach sa lios chun bata d'fhághail. Connaic sé leipreacán ag deanamh bróg. Bhí casúr beag i a láimh aige agus é ag amhrán. I gcionn neómait do labhair an leipreachán. "Trom lasán má sé do thoil é" ar seisean. "Níl aon lasán agam" arsan fear. "Tá bosca lasáin in do póca agus mara dtabharfair ceann dom anois marbhóchad tú féin agus do chapall" arsa'n leipreachán. "Marbhóchair mé an eadh" arsa'n fear. "Airiú tán tú ró bheag agus ní féidir leat" ar seisean. Fuair an fear bata ach má fuair seo á bhualadh féin é. Is dócha gur cuireadh eagla ar an bhfear mar dubhairt sé láithreach "Seo" agus do shín sé lasán chun an leipreacháin. "Á" arsa'n leipreachán "amadán iseadh tusa". Ní raibh aon radharc ag an bhfear ar an leipreachán annsan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish