School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 152
- XML “Ba agus Cróanna”
- XML “Ba, Im agus araile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bó ó'n adhairc. Bíonn fáinne in aghaidh gach blian aoise ar adhairc na bó. Is féidir le daoine eólgaiseacha i dtaobh ba aos na bó do dhéanamh amach ó na beal.
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag obair d'fheirmeóir chreideamhnach agus bhí an díobluíocht aici á dhéanamh ar a cómharsanaibh go léir. Thug duine aca l___ meidre dhi agus nuair a chuaidh an l___ tar n-ais do theip glan ar an bhfeirmeóir sin aon im a dhéanamh i gcaitheamh na bliana san. Thug an máighistir fé ndearra go raibh níos mó ná a cheart ime á dhéanamh. Ní raibh sé sásta leis sin agus chuir se abhaile í agus nuair a bhí sí ag gabháil thar abhainn do sguab an tuille léi í agus fuaradh tamall síos san abhainn í marbh.
Thug bean fheirmeóra meadar do mnaoi eile tráth chun ime 'dhéanamh. Nuair a fuair sí an meadar tar n-ais ní fheadfadh sí aon ím a dhéanamh. Fuair sí smearóid teine agus thug sí go dtí an tig eile í agus fuair sían t-ím go léir ins an dtobán uisce.
Tá alán nósa ag bainnt le lá Bealtaine a tháinig anuas chúghainn. Isé cead rud a deintear anois na uisce coisreacan dfhághail agus é chaitheamh ar gach toradh a bhíonn ag fás agus ar na h-ainmhidhthibh leis agus deirtear gur chun sprideanna spéir do ruagairt a deintear é.- Collector
- Micheál Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- Clashmaguire, Co. Cork