School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 045
- XML “Na Claganna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An bhfeiceann tú Seán ó bhárr an chnuic
I lich an teinteáin ag rinnce "jig"
Mar do dhéanfadh sé gleó le claganna nuadha
Do thug duine an treo seo ó Cheann Tuirc
Is ó bhean an tighe cad é an bhuairt sin ort
II
Do bhíodar na bróga gleoite deas, cluthmhar compórdac ar neoin le teas
Ní fearra dhuit clúmh bheith sáidthe féd' bhuan
Ná feidhre bréagh cúma dhíobh súid a bheith ort
Is ó bhean an tighe cad é an bhuairt sin ort
III
Ní cuileann ná draighean atá fé na mbun
Ach béama breágh "dale" go bhfuil úr is tirm
Teanga bhreagh shleamhain ó chroicheann ó ghamhain
Ná gearradh ró-cham is mo lom ná liom
Is ó bhean an tighe cad é an bhuairt sin ort
IV
Tá leigheas na mílte aicíd ionnta
Do chuirfeadh gan mhoill laithfuighe is truich
Do chuirfeadh cun fán crampaí is fuachtáin agus morán eile ná h-airmhighim duit
Is ó bhean an tighe cad é an bhuairt sin ort
V
Do bhí feidhre acha siúd aige Fionn fadó
Is mó na sliogáin do suibhal sé leó(continues on next page)- Informant
- Seoirse Ó Tuama
- Gender
- Male
- Address
- Barr an tSeanchnoic, Co. Cork