School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rádh na dhiaidh "Ní leat-sá e sin! Ní leat-sa e sin! Nuair a leag sé an próca ar an mbórd sa chistin fuair sé amach go raibh an próca folamh. Do dhearmhaid sé féachaint isteach ann, an nóimeat a tháinig sé na sheilbh agus bhí cuairt i n-aistear ag an bhfear mbocht.
Do bhí páirc glás chearnógach ar bhárr an chaisleáin uair agus falla mor-thimceall uirthi. Do bhí oscailt ar thaobh amhain de'n bhfalla san cosamhail le doras. Do bhí beirt chailiní sa pharóiste seo uair agus do shiubhalaidís ar bhárr an fhalla agus thógaidís coiscéim treasna na h-oscailte gan eagla go dtuitfidís anuas.
Oidhche amháin bhí fear ag siubhal ar bhruach an t-Sulláin agus solus na gealaighe anuas ar gach aon nídh. D'fhéach sé suas ar an gcaisleán agus chonnaic sé cailín uasal áluinn mar a cheap sé na seasamh san oscailt cosamhail le doras. Do bhagair sí chúichí é agus chuaidh sé suas. Do bhí solus draoidheachta ann roimis. Do chuaidh an cailín trí dhoras isteach i seomra bhréagh. Do lean an fear í agus thuit sé anuas ó'n gcaisleán agus marbhuigheadh é.- Collector
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Address
- Drom an Gharraí, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Inse na hAmhraí, Co. Cork