School: Gleannóg, Malla (roll number 9448)
- Location:
- Glannoge, Co. Cork
- Teacher: Mrs K. Barrow
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleannóg, Malla
- XML Page 087
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Morán blianta ó shoin in-aimsir Rígh Sheóírse bhí saighdiúir Gaedhealac in-arm Shasana. Bhí saoghal ana-shuarach aige mar béigean dó bheith ag fulaing gach aon saghas úsáide agus droch chor agus droch-úrraim. Maidin áirithe bhí na saighdiúirí go léir amuich ag gleachuigeacht. Tháinig an captaen chúcha. Bhí fhios aca go raibh droch-fhuadar éigin fé. Dubhairt sé leó go raibh órdú fachta aige ó'n rí gan ach leath bídh a thabhairt dóibh feasta.
Chuir an droch-sgéal san neamh fonn ar na saighdiúirí bochta go leír. Cheap an saighdiúir ar a bhfuilim ag trácht ná raibh aon Ghaoluinn ag an gcaptaén agus leóg sé easgaine ar an Rí mar seo:
"Paidir sa ló chun Athair na gCómhacht
Athradh Seoírse igcoróinn do theacht"
Tharla go raibh Gaoluinn maith ag an gcaptaen agus thuig sé an chainnt. D'fiafruig sé d'on shaighdhiúir cad a bhí ar siúbhal aige. Dubhairt seisean leis gur ag moladh an Rí(continues on next page)- Collector
- Mrs K. Barrow
- Gender
- Female
- Informant
- Denis Lynch
- Gender
- Male
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork