School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 318
  3. XML “Páirc an Ospidéil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá fothracha de ospaidéal i gcúimne na páirce i bhferim mó mháthar. Tugaimis páirc an ospaidéal ar an bpairc fós. Tá an ospaidéal triochadh troigthe ar fhaid agus fiche troigthe ar leithead. Tá cuid d'es na fallaí ins a seasamh fós. Do cuiread ar bun é san blian ocht deag ceataraca seacht.
    Ins an am san bhí an gorta uathbhasac in Éirinn. Do bhí na daoine bochta in Éirinn an am sán ag brath ar na prátaí amháin igcomhair bidhe. An bhlian seo tháinig galar dubh ar na prátaí, agus níorbh fhéidir leis na daoine íad do ithe, agus fuair alán diobh bás leis an ocras. Bhí alán cruitneachtan ag na ferimeóirí an t-am san ach bhéigean dóibh é do díol chun an chiosa d'ioc. Gach lá bhíodh cruithneacht ag faghaint na tíre agus muinntear na h-Éireann ag fághail bháis leis an ocras. Níor dhein an Riaghaltas aon rud id tosach chun bidhe do cheannach d'os na daoine ach do dheineadar rud beag sa deire, ach bhí sé ró deidheannac an t-am san mar do tháinig galar in éinfeacht leis an gorta. I ngach aon ait bhí daoine ag fághail bás leis an ocras. Do fuair timcheall milliún daoine bás ar fad. An bothar atá ag dul ó Bhaile Atha h-Ubhla go dtí Corcaigh is ag an t-am san do deinead é. An "Line Nuadh" a tugtar ar an mbóthair sin. Do deineadh é chun obair a thabhart d'os na daoine agus airgead a thabhairt doibh chun bidhe do cheannach.
    Bhí cupla cead dhaoine bochta ins an ospaidéal seo agus íád go léir breoidhte. Bhí féar agus sean thrucaill aige ag tarrach na gcorp go dtí réilgh Baile Atha h-Ubhla. An lá seo ní raibh aoinne marbh ach do bhí duine ann agu é leath mharbh. Nuair a tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    null
    Gender
    Male