School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
- XML Page 337
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall na h-áíte seó creideann cuid des na daoine gur féídir le daoine áirithe piseóga do dheanamh tré chomhacht an diobhail. An duine a bheadh ag deanamh na bpiseóg chaithfeadh sé dul go dtí feirm a chómharsan agus braon bainne do thógainnt ó gac buin. Bíonn alán uachtair ag an duine a deineann na piseóga agus ní bhíonn aon uachtar ag an duine gur leis na bá. Deirtear gurab íad ná sean-mná is mó a dheineadh na piseóga agus deirtear go bhféudfadh cuid díobh girrfiadh do dheanamh diobh féín.Seo scéal a fuaireas óm' mhathair. Breis is cead blian o shoin do bí fear in a chomnaidhe sa Ghráinseach agus bhíodh sé ag deanamh píseóg. An cead lá dé mhí Bealtaine gac blian bhíodh sé ghá ndeanamh. An bhlian seó do chuaidh sé amach ag deanamh na bpiseóg. Do chuaidh sé go dtí páirc a chómharsan agus do thóg sé braon bainne ó gach buin. An seactmhain 'na dhiaidh sin ní raibh aon bhainne ag a chómharsain. Bé ainm a ar a chómharsan ná Mac Uí Iubhard. D'innis Mac Úi Iubhard an scéal do'n Sagart Paróiste. Dubhairt an sagart leis go léighfadh sé Aifreann in a thigh maidin áirithe. Nuair a tháínigh an sagart bhí an tigh go deas glan agus do bhí gac rud ullamh dó. Sar ar thosnuigh sé an tAifreann dubhairt an sagart go dtiocfadh an duine a bhí a deanamh na bpiseóg isteac san gclós nuair a bhead an Aifreann ar siubhal. Nuair a bhiodar(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Lombárd
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Castleblagh, Co. Cork