School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timceall trí míle ar an dtaobh toir tuaidh de Baile Atha h-Ubhla tá ait ar a dtugtar Leabadh na Caillighe. Tá leac mór garbh in-airde ar leacaibh eile atá in a sheasamh insan dtalamh. Tá an rud go léir cosamhail le leabhadh.Deirtear go raibh sean Cailleach, a fhear, agus a mac ina gcomhnaidhe ann fadó. Oidhche amhain chuir sí an mhac ar theactairéact agus nuair a thainig sé tar nais bhí sé an deideannac. Ní leigfeadh sí isteach sa leabhadh agus thosnuigh sé ag troid leí. Annsan thóg sí suas carraig mór cun é do caitheamh in dhiaidh a mic. Nuair a connaich an mhac do rith sé agus do rith sé na dhiaidh. Do thuit an carraig cuig mile o'n leabhadh agus tá sé feiscint fó ar an cnuic in aice Mainistir-Fear-Muighe. Carn a tugtar ar an áít in a bhfuil an charraig.An maidin na diaidh sin nuair a eirig an fear bhí sé ag feacaint i gcomhair a mhich. Tar eis tamaill d'innis í an sceal dó cionnus do mharbh sí a mhic. Bhí fearg ar an bhfear agus thosnuig sé ag troid leí. Nuair a chonnaic sé gur raibh sí a faghail lamh uactar air do rith sé agus do rith sí in a dhiaidh agus nuair a bhísé ag dul as an áít caith sí scian na dhiaidh. Buail an scian carraí agus gearr sé piosa de. Nuair a bhí an fear ag dul treasna na fíánsinne (?) caith sí carraig eile na dhiaidh do thuit se in-airde air agus marbuigheadh an fear i lá na h-abhann.Na dhiaidh sin marbh sí a lán daoine agus caitheadh sí iad isteac i bpoll mór a bhí in aice an leabhadh. Fuair sí bás timceall dhá mile bliadhain ó soin agus cuiread í san leabhad. Timcheall dhá blian o soin nuair a bhíodar ag glanadh na h-aite fuaireadh creatlach mna ann.
Liam Ó Lombáird
Pairc-na-mBlath- Collector
- Liam Ó Lombárd
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Bloomfield Cross Roads, Co. Cork