School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag bún an tsráid-bhaile tá caisleán Baile-Atha-Úbhla suidhte. Do tógadh é san dómhadh aois déag. Tá sé suidhte archarraig mhór ós chionn na hAbhann Móire. Clann gurbh ainm dóibh Róistig a thóg é. Do glachadar seilbh na h-áite ó mhuinntear Úi Chaoimh.
Caisleán an-dheas iseadh é, agus tá sé nóchadh troighthe ar aoirde. Tá na fuinneóga an-árd agus caol i dtreó is na raghadh na naimhde isteac. Tá staighre mór déanta de leachaibh, agus doras mór déanta d'iarrann ag dul isteach ann. Tá an staighre ag dul go dtí a bharr. Tá seómra mór ann in a léightí Aifreann fadó. Tá radharc breágh de'n áit mór thímcheall ó bharr an chaisleán.
Nuair a tháinig na Róistig ar dtúis Franncís a bhíodh gha labhairt in na seomraí ach tar éis tamaill Gaedhlinn a bhíodh dá labhairt aca. Is minic a bhí amhrán Gaedhlinne ghá gcana aca ins na seomraí.
Nuair a tháinig Cromaill do leag sé cuid de's na fallaí. Sar ar leagadar na fallaí thíomanadar amach na Róistigh agus thug Cromaill an áit agus an caisleán don a shaighdiuirí. Thamaill in a dhiaidh sin do cheannaigh "Tighearna Leara Tuathail" an áit agus an caisleán. Annsan fuair sé a chuid fear chun an chaisleáin do shocrú áiris.
Timcheall trí cead slat o'n caisleán bhí oileán san abhann fadó. Níl ach rian de'n oileán le feiscint ann anois. Tugtar "Oilean Móire" ar an áit anois. Deirtear gur bághadh cailín dar b'ainm dí Móire De Roiste ann, agus is minic a(continues on next page)