School: Fota Island, Belvelly, Cóbh (roll number 11646)
- Location:
- Foaty, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall míle go leith ar an dtaobh thuaidh den Cóibh tá áit ar a dtugtar "Lios an Uisce" mar ainm air. Ná céadta bliadhain ó shoin, bhí lios le feiscint san áit seo. Níl ach cuid de ann i láthair na h-uaire seo. Sé iothlann Shéamuis Mhic Coitir láithreán an leasa. Tá sruthán a'rith ó dheas thar an áit. Tá feárlann suidhte i láithreán an leasa fé láthair. Téigheann an bóthar ó'n Cóibh go dtí Béal Athá'n Bhile thar an áit seo. B'iad muinntear Mich Carthaigh a bhí 'na gcomhnuidhe sa bhfeirm seo sa naoimhadh aois deag. B'féidir gurb é duine den teighlach seo a chur an lios dá leagadh nó b'fheidir go ndeineadh gach glún dá dtagadh a gcuid féin de a leagadh.
Pé ar dhomhan é san aois deireannacch (ós cionn céad bliadhain ó soin) do h-íreáladh beirt fhear d'fonn a leasa a leagadh. Do chuireadar chun gnótha. Bhí an obair fé lán-tseól. Bhíodar ag obair go gceann tamall nuair do thuit rud éigin amach. Do chaill duine acú radharc a dá shúil, do b'éigin do'n bfear bocht eirghe as an obair. Annsan do thuit mí-ádh eile ar an dara fear - d'imigh sé as a mheabhair. slán mar a n-innstear é Tháinig eagla ar mhuinntear na h-áite annsan agus d'fhagadar é suíd mar a bhí sé ..... Tá lios eile timcheall(continues on next page)- Informant
- Johnny Hegarty
- Gender
- Male
- Address
- Marino, Co. Cork