School: Fota Island, Belvelly, Cóbh (roll number 11646)
- Location:
- Foaty, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaird cun an oileáin uaireannta. Seo thíos tá dhá sgealta a bhí ag mo athair (beannacht De le n'a anam) mar gheall air. (Seán Ua h-Éigeartaigh ab ainm dom athair)I.
Ar an dtaobh thuaidh de'n Oileán Mór tá, oileán eile ar a dtugtar an Fódh Tighe. (Foaty) Níl an dá oileán ach timcheall céad slat ó'n a chéile. Ní raibh droicead ar bith ann an uair sin ach clocán (Beal a Bhile a dtugtar ar an áit laisteas de'n droichead) An tráth úd bhí cuid des na fearaibh ó Bheal a' Bhile ag obair i bhFódhtighe. Do tugadh cuid des na mnáibh a ndinneir ó thuaidh chúcha gach lá do réir deallramh. Lá dá raibh Tadhg Gaedhleac ag spaisdeóireacht dó féin, do casadh cailín air i bhFogas do'n áth mar a raibh an chlochán. Bhí sí ag breith an dinneir lei cun na fir. Bhí sí ag sodar, bhí dithneas uirdh bhí an tráig (an taoide ag teacht) mare thuile ann. Do chuir Tadhg stró uirthi mar seo:-
"A cailín an tsodair
Fan go socair, go ndeanfaidh mé rann duit"
"Ní fhanfad", ar sise,
mar tá an taoide ag borradh
Agus na fir 'na dtrosgadh
Agus gheobhainn cogadh
Muna mbéinn in am ann."(continues on next page)- Informant
- Johnny Hegarty
- Gender
- Male
- Occupation
- Road worker
- Address
- Marino, Co. Cork