School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 114
- XML “An tSíbhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus b'é an t-aon locht amháín do bhí uirthi ná go raibh sí leisceamhail. Bhí sí pósta agus feirmeóir dob eadh a fear.Bhí go leor abhrais lín aici, ach bhíodh leisce an domhain uirthi é shní.Aon lá amháin a's í 'na h-aonar istig, cé bhuaillfeadh isteach chíchi ach bean, agus dubhairt an bhean léi go sníomhfadh sí an anairt go léir di, dá n-ínseadh sí dhi cad é an ainm a bhí uirthi féin, ach dhá dteipeadh uirthi (bean a tighe) a h-ainm do dhéanamhm amach go mbéigean di dul léi féin lá ar na mháireach.Bhí bean a' tighe sásta agus thug sí an anairt don mhnaoi eile, agus d'i,igh sí sin léi féin. An tráthnóna céadna bhí fear a' tigh ag dul go dtí an tobar leis na capaill. Do chualaidh sé fuaim éigin istig sa lios a bhí tamaillín ón dtobar. Nuair fhéach sé isteach sa lios cad do chífeadh sé ach bean agus í ag sníomh ar a dian dícheall agus í ag amhrán:
Dá mbeadh fhios ag Tuathal Duathal
Gurb é Tríopla Trupla mh ainam-se
Is ró-bhreagh a chodlóch sí an oíche(continues on next page)- Collector
- Risteárd Ó Motharua
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dooneen, Co. Cork