School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 116
- XML “An Cúpla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean 'na comhnuidhe cois leasa fén dtuaith, uair, a bhí cúpla aici. Ní raibh na bonóa i bhfad ar an saoghal nuair fuair a fear bás agus dfhág na baintrigh í. Leanbhaí gleoite ab eadh an dí do bhí aici: agus ní raibh aon treo (?) ach an méíd ceana a a bhí aigeá máthair ortha. Oidhche Bhealtaine áirithe do dhearmhaid sí báísín uachtair dfháaint amu' ar a bhfinneóíg mar ba ghnáth i gcóír na ndaoine maitha. Maidin lae ar na mháíreach, do dúisigheadh í le screadaig agus le léímrig na leanbh. Nuair fhéách sí ortha, is amhlaidh a cheap sí nár b'iad a leanbhaí féín do bhí ann in ao' chor. Bhíódar crapaithe ar shlighe, éigin agus rud ba mheasa ná san, bhíodar ana-chrostála - chomh crostála le mála eas. Do thugaidís an óiche go léir ag screadaig, ach de ló, do bhídís ciúin go leor, bíodh a's go rabhadar lán de chleasaibh.Diaidh ar ndiadh thug an bhean fé ndeara ná raibh aon mhéádú ag teacht ar a gcolainn acu, bíodh a's go rabhadar ag aibiú maith go leor 'na meon as na n-aigne. Ag dul ingéire ró thapaidh a bhíódar tá's agut, agus ag eighrí glic, cliste, géár-chúiseach.(continues on next page)
- Collector
- Risteárd Ó Motharua
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dooneen, Co. Cork