School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 095

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 095
  3. XML “Seán Bocht ó Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill aimsireach ag Donchadh Óg Ó hIarflatha an file do chomhnuig i Meall a tShrutháín. Seán Ó Díomasaig dob ainm don bhuachaill. Bhí gaol aige le Doncha agus bhí an fhilidheacht ann feín leis. Bhí sé díomhaoin ann féín, ach bhí sé ana-dheas bhéalach.
    Satharn áirithe dá raibh Donchadh ag dul ar mharga an Sciobairín, thug sé órdú do Sheán bheith ag baint seana-chré as na díograchaibh agus í leatha ar an mbán. Bé ba sheana chré ann ná an chré bheadh i ndíg, nú ag bun claidhe.
    D'imig Doncha leis don Scriobairín, agus ar a chasa abhaile dho, tráthnóna, chonaic sé Seán sínte 'na liairne (?) i bpáirc agus a bholg le gréín, agus gan an tseana-cré leathta ná bainte.
    Airiú, a Sheaí, ar seisean. Cad d'imig ort. Nár bhainis an tseana-chré mar adubhairt leat?
    Do bhaineas cúpla sluasad di, arsa Seán agus ní fheaca aon tsluasad di ní ba shine ná ní b' óíge ná achéile, agus d'eighrigheas as an obhair annsan, chun go bhfaghainn comhairle uait-se.
    Biné an saghas Seán.
    Do bheartuig sé in' aigne dul thar sáíle agus tháínig sé chun a' tighe lá, chun á ínsint do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraig Ó Cuirnín
    Gender
    Male