School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 068
  3. XML “Mainistir agus Pátrún Mhaothla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar aghaidh an áirse. Ráilí iarainn san bhfothrach timcheall áit curtha na De la Poer ó Ghuirtín. Tá tuamba an-aosta ann a chaoluigheann go dtí an deire, níl a bhfuil scriobhtha air so-léigthe. Bhí a lán draoithe annsan fadó agus ba mhór an adhradh a tugtaí do dhéithibh bréaga. Tá rian na n-altoir le feiscint go fóill ann agus níl an oiread céadna díobh le feiceál in aon paróiste eile in Éirinn. Chuala Naomh Pádruig fe'n draoidheacht i Maothail agus thug sé cuairt ann.
    Seo iad na neithe a tugtaí adhradh dóibh ann
    (1) Sraith ciorcalach de chloca móra taobh thuas de'n tobar
    (2) Tobar Baile Neimhín atá tuairim míle taobh thuaidh de Mhaothail - tobar Naomh Cuan a tugtar anois air
    (3) ibpáirc cois an tobair ar an dtaoibh ó thuaidh de tá croimleach; bhí ceann eíle níos mó ná an ceann sin ann ach pléasgadh é tamall ó shoin.

    Ag geata tig feirmeóra, gair do Mhaothail tá cloch mór cearnógach ar a dtugtar Cloc na Comaraidhe. De réir an sgéal ba thearmonn' an cloch tráth áit a dtagadh na daoine igcóir coimirce; bhí dlighe ag na sean-ghaedhil nach ndéanfaí aon dochar dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Mothel, Co. Waterford