School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
![The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 069](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0565%2FCBES_0565_069.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 069
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí Judkin Mac Gearailt in a árd-shiarriamh igConndae Tiobrad Áránn. Bhí sé in a comhnaidhe igCarraig na Siúire. Do crocad agus sgiúirsáileadh a lán duine toisc go raibh baint aca leis na h-Éireannaig Aontuithe.Imeasg na ndaine a sgiúirsaileadh ar na sráideanna bhí fear dárbh ainm Daimhín agus fear eile dárabh ainm Coinleán. Fuair an Daimhíneac caogadh buillí agus do thuit sé ar an sráid do thugadar go dtí an bearreac é agus do fhuair sé bás.Do scéith duine ar an gCoinleánac a bhí in a thaoiseac ar na hÉireannaigh Aontuithe. Bhí sé ibhfolach igCreig agus tháinig an Gearalteac agus a saighdiúirí air. D'éaluig sé uatha ac rugadh air ibpartac Kilonerry. Trialadh é an lá indhiaidh sin agus b'é an pionós a chuireadh air na go dtabharfaí léasadh dó ar trí lá margaidh ó'n Sráid Móir go dtí Cúl na Muc agus annsan go gcrocfaí é.Bhí Prionnsias Ó Dubhgaill i 'na comhnuidhe ar an Sráid Mhóir agus déantús éadaig ar siubhal aige. Thug Stiopáin Devaney eolas d'on Gearltact mar gheall air - go raibh sé ag tabhairt(continues on next page)