School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar aghaidh an áirse. Ráilí iarainn san bhfothrach timcheall áit curtha na De la Poer ó Ghuirtín. Tá tuamba an-aosta ann a chaoluigheann go dtí an deire, níl a bhfuil scriobhtha air so-léigthe. Bhí a lán draoithe annsan fadó agus ba mhór an adhradh a tugtaí do dhéithibh bréaga. Tá rian na n-altoir le feiscint go fóill ann agus níl an oiread céadna díobh le feiceál in aon paróiste eile in Éirinn. Chuala Naomh Pádruig fe'n draoidheacht i Maothail agus thug sé cuairt ann.Seo iad na neithe a tugtaí adhradh dóibh ann (1) Sraith ciorcalach de chloca móra taobh thuas de'n tobar(2) Tobar Baile Neimhín atá tuairim míle taobh thuaidh de Mhaothail - tobar Naomh Cuan a tugtar anois air (3) ibpáirc cois an tobair ar an dtaoibh ó thuaidh de tá croimleach; bhí ceann eíle níos mó ná an ceann sin ann ach pléasgadh é tamall ó shoin.
Ag geata tig feirmeóra, gair do Mhaothail tá cloch mór cearnógach ar a dtugtar Cloc na Comaraidhe. De réir an sgéal ba thearmonn' an cloch tráth áit a dtagadh na daoine igcóir coimirce; bhí dlighe ag na sean-ghaedhil nach ndéanfaí aon dochar dó.