Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí Judkin Mac Gearailt in a árd-shiarriamh igConndae Tiobrad Áránn. Bhí sé in a comhnaidhe igCarraig na Siúire. Do crocad agus sgiúirsáileadh a lán duine toisc go raibh baint aca leis na h-Éireannaig Aontuithe.Imeasg na ndaine a sgiúirsaileadh ar na sráideanna bhí fear dárbh ainm Daimhín agus fear eile dárabh ainm Coinleán. Fuair an Daimhíneac caogadh buillí agus do thuit sé ar an sráid do thugadar go dtí an bearreac é agus do fhuair sé bás.Do scéith duine ar an gCoinleánac a bhí in a thaoiseac ar na hÉireannaigh Aontuithe. Bhí sé ibhfolach igCreig agus tháinig an Gearalteac agus a saighdiúirí air. D'éaluig sé uatha ac rugadh air ibpartac Kilonerry. Trialadh é an lá indhiaidh sin agus b'é an pionós a chuireadh air na go dtabharfaí léasadh dó ar trí lá margaidh ó'n Sráid Móir go dtí Cúl na Muc agus annsan go gcrocfaí é.Bhí Prionnsias Ó Dubhgaill i 'na comhnuidhe ar an Sráid Mhóir agus déantús éadaig ar siubhal aige. Thug Stiopáin Devaney eolas d'on Gearltact mar gheall air - go raibh sé ag tabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)