School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shíolruigh ó sna hÉarna scríobhtha ag Dubhaltach Mac Firbhisigh. "Ceann aca na Déise a raibh furmhór Chonndae Phortláirge agus cuid mhaith de Chonndae Thiobrad Árann i seilbh." Má's de na hÉarna na Déise a raibh an dúthaigh sin aca, bréagnuigheann san an sgéal sin gur treibh a tháinig ó Mhagh Breágh iad. San leabhar breac agus i leabhar leacan in Oir-Mhumhain tá tagairt do chuid de sna hÉarna a raibh comhnuidhe ortha i gCríoch na nDéise.ImBeárna na Gaoithe ar an taobh theas de'n tSiúir tá cloch ar a bhfuil Ogham - Scríobhadh gearrtha uirthi agus innseann sé gur bhain athair an fhir a cuireadh ann leis na Luighní. Bhí baint ag cuid mhaith de mhuinntir na nDéise leis na hÉarna, sean-threibh a bhí ann roimh theacht na gCeilteach, ach uaisle Ceilteacha bhí ghá riaghlú an t-am san. Más fíor scéal na mbárd fuair na Déise congnamh sa chogadh igcoinne Osraighe o'n Aitheach - thuaith, agus fuair cuid díobh-san talamh i nDéise Mumhan.Bhí treibh eile ann, iarsma ceart de'n tsean-aimsir, a dtugadh Seamránaighe ortha. Bhí sé de chiall ag na Ceiltigh gan cur isteach mórán ar chuid de sna sean-áithreabhaigh a bhí oilte ar chéirdeanna, ach leigint doibh maireachtaint (?) mar a mbídís agus cíos do bhaint díobh.(continues on next page)