Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 078
  3. XML “Na Déise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shíolruigh ó sna hÉarna scríobhtha ag Dubhaltach Mac Firbhisigh. "Ceann aca na Déise a raibh furmhór Chonndae Phortláirge agus cuid mhaith de Chonndae Thiobrad Árann i seilbh." Má's de na hÉarna na Déise a raibh an dúthaigh sin aca, bréagnuigheann san an sgéal sin gur treibh a tháinig ó Mhagh Breágh iad. San leabhar breac agus i leabhar leacan in Oir-Mhumhain tá tagairt do chuid de sna hÉarna a raibh comhnuidhe ortha i gCríoch na nDéise.
    ImBeárna na Gaoithe ar an taobh theas de'n tSiúir tá cloch ar a bhfuil Ogham - Scríobhadh gearrtha uirthi agus innseann sé gur bhain athair an fhir a cuireadh ann leis na Luighní. Bhí baint ag cuid mhaith de mhuinntir na nDéise leis na hÉarna, sean-threibh a bhí ann roimh theacht na gCeilteach, ach uaisle Ceilteacha bhí ghá riaghlú an t-am san. Más fíor scéal na mbárd fuair na Déise congnamh sa chogadh igcoinne Osraighe o'n Aitheach - thuaith, agus fuair cuid díobh-san talamh i nDéise Mumhan.
    Bhí treibh eile ann, iarsma ceart de'n tsean-aimsir, a dtugadh Seamránaighe ortha. Bhí sé de chiall ag na Ceiltigh gan cur isteach mórán ar chuid de sna sean-áithreabhaigh a bhí oilte ar chéirdeanna, ach leigint doibh maireachtaint (?) mar a mbídís agus cíos do bhaint díobh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge