School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a fuair sé an ainm sin. Nuair a bhí Cromail agus a shaighdúirí ar a slighe ó Cluain Meala go dtí Eochaill, tar éis an t-sheipéal i gCaisleán Nua a chur tré theine do chuadar an bhóthrín agus mar sin tá "Bóthar na nGall" mar ainm ó shoin air. Acht ceapann daoine gur "Bothar na nGabha" an ainm atá air toisc go dtarluigheann sé go bhfuil ceardcha ar thaobh an bhóthair seo.Bóithrín Dorca:-
Bóithrín i mBatharnach cúpla míle ó Chaisleán Nua. Fásann crainn ar gach taobh den bhóithrín seo agus annsan bíonn sé dorcha i gcomhnaidhe ann.Carraig an Aifrinn:-
Tá an charraig seo timcheall trí mhíle ó Caisleán Nua ar Shléibhte Maol Domhnaig. Fuair sí a h-ainm, mar in aimsear na bPéin Dlighthe do bhíodh na sagairt ag rádh Aifreann ann. Tá scríobhnóireacht sa tseana Gaidhilge le feiscint ar an gcarraig san anois, acht ní féidir le haoinne é a léigheamh, mar tá deifreacht mór idir na sean-gaedhilge agus(continues on next page)- Informant
- Seumas Ó Maolcathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Newcastle, Co. Tipperary