School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
- XML Page 351
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur leath sí a seál ar an bpáirc agus nuair a thóg sí é bhí an tobar fághta.
- Tá tobar beannuighthe im ceanntair. Tobar Naomh Seán a tugtar air. Téigheann alán daoine go dtí an tobar sin agus téigheann siad mór thimcheall na h-áite ar feadh timcheall fiche cuairt agus bíonn siad ag rádh paidreacha an faid is a bhíonn siad ag dul mór thimcheall an tobar sin. Ólann daoine cuid de'n uisce sin nuair a bhíonn siad tinn. Do leigheas an uisce sin fear agus cailín uair amháin. Bhí pian ag an bhfear agus d'ól sé gloine de'n uisce sin agus do leigheas sé é. Bhí an cailín dall agus do chuimil sí a súile leis an uisge agus d'oscail siad. De gráth fágann daoine rudaí ar bruaca an tobar sin.
- Informant
- Daithí Ó hAillidhe
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Knockperry South, Co. Tipperary