School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an Maighdean Muire naomh patrúin an ceanntar seo. Fadó bhí an sráid baile Caisleán Nua glaodhta in dhiadh an Maighdean Muire. Sé an ainma bhí air ná Gráige Muire sé sin "The village of Mary" Ar an cúigeamadh lá déag de Mhí Lughnasa coiméadtar a fhéile. Roimh cúig bliadhain ó shoin do bhíodh sórt féile beag ag na daoine ar a gcuirtear "The Pattern" Is dóigh liom gurb é an ainm ceart ná " The patron's day"An uair a bhí NaomhPádraig ag dul mór thimcheall na h-áite seo bhí truagh comh mór san aige dos na daoine gur mhúin sé an creideamh fíor dóibh. Ní raibh eolas acha ar Dia. Nuair a ghoid na daoine i nDroichead na nGabhar an laog ó Naomh Pádraig do cuir sé mallacht ar abha na Táire mar geall ar sin. Sé an mallacht a chuir sé ar an abhainn ná, ná bheadh aon iasc le fághail ann in a dhiadh sin. Do thuit an mallacht ar an abhainn mar ó shoin ní raibh mórán iasc le fághail ins an abhainn sin.
- Informant
- Séamus Ó Maolcathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Newcastle, Co. Tipperary