School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seancas Staireamhail.
Droch fear a tháinigh ó Sasana dob eadh Cromwell . Do dhein sé alán díoghbhála i ngach áit agus do dhein sé díoghbháil i gCaisleán Nua. Nuair a bhí sé ag dul go Eochail tháinigh sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine istigh sa séipéal ag éisteacht Aifrinn. Do chuir Cromuil na dóirse fé ghlais agus chuir sé an séipéal tré theine. Do doghadh gach ainne istigh ann acht aon buachaill amháin a d'éaluigh amach tríd an fuinneóig. Ní raibh fhios ag aenne cé'r leis é agus do cuireadar an ainm "burn" air agus do shíolruigh muinntir "Byrne" ó'n mbuachaill sin. Annsan cuaidh Cromuil go dtí Eóchail agus chaith sé an Gheimread ann. Annsan cuaidh sé thall go Sasana agus níor dein sé aon díoghbhail eile i gCaisleán Nua. Tá fothrach an seipéal le feiscint ann anois.- Informant
- Pádraig Ó Meachair
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Frehans, Co. Tipperary