School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
![The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 374](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0571%2FCBES_0571_374.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 374
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Trí béalí a bhíon achu fadó. A mbreicfeast, a ndinnéar agus a shuipéar. D'ithidís prátaí gach uair sa lá ach uaireannta bhíodh leite do mhuin buidhe achu. D'ólaidís alán bainne géar. Crúdhadh na daoine na ba fadó sarar ithidís a mbricfeásta. I gcoinnibh an fhalla a bhíodh an bórd acha acht dá mbeadh aon strainséir sa tigh bheadh sé tarrainghtha amach i lár an úrláir. Bhíodh cúpla saghas aráin achu arán déanta le mhin coirce agus arán donn. Ní bhíodh feóil acha acht go h-anamh. Cheannuighidís iasc ar a dtugtar Hake ins na siopaí. Nuair a thiocfhadh strainséirí bheadh arán siopa a bhíodh ag na daoine. Is ag na daoine saidhbhre a bhíodh an tae ar dtúis nuair a tháinigh sé go dtí an ceanntar. Bhíodh pointí nó mugaí ag na daoine roimh teacht an tae.
- Informant
- Pádraig de Paor
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Address
- Newcastle, Co. Tipperary