School: Scoil na mBráthar
- Location:
- Tipperary, Co. Tipperary
- Teacher: An Br. C.B. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an Tobar Beannuighthe seo suidhte dhá mhíle nó mar sinar an daobh thoir de Thiobraid Árann, ar an mbothar amach thar Cill Sheáin. Tá sé fé láthair ar an dtaobh dheis de'n bhóthar ach dréir béal-oideas na ndaoine bhí sé ar an dtaobh chlé.Téigheann na daoine ann gach Domhnach uatha féin. Níl aon lá fé leith aca le di; amm má aon phaidreacha fé leith le rádh. Óltar an t-uisce agus tá roinnt de na daoine a chimilgann leo féin é.Deirtear go bhful leigheas ar Dallacht san uisce ach níl aon fhaisnéis ann gur leighiseadh aon duine riamh. Uisce fionn-fuar glé-ghlan atá ann.Is í Naomh Brighid, Patrún an Tobair. Tá sceach nó dó in aice an tobair agus is ortha san a fágtar píosaí éadaigh, buinn, airgead, pictiúirí beannuighthe agus rl.