School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
- XML Page 303
- XML “Sliocht as Oidhre Chluainíne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Shearlaigh óg a ghradh Uí Donnchadha gan cháim
Go raibh bail ó Rí na ngrás dod chumhdach
Go mba slán tú as gach áird na mbéarfadh ort do ghabhadh
Is nar bhainidh san go bráth droch-shúil duit.
Is tú oighre an ghleanna bhreagh de shíol na bhflaith ab fhearr
I gCiarraidhe thall le rádh gan amhras
Is tú an brainnse is gile blath go fírrineach ag fás
Is ní an fíor leanbh áluinn cúmhta
Go mbuallfid an namhad an té nár bhuail leis mo laoch
De mhaithibh scoth na hÉireann d'árd fuil
Mar is e adeir gac n-aon gur bronnadh air an chraobh
Ó Donnchadh na seod an sair-fhear.
Do phós duine uasal, darabh ainm O Donchadha as Ciarraidhe, phós sé cailín óg de Muinntir Mhic Mhathghamna i gCorca Baiscinn (?). Thiar idtig Mór Cluainíns a bhíodar na gcomhnaidhe agus bhí Seán de hÓrda na chómhnuidhe thiar i n-aice an tighe mhóir an tráth ceadna. I gceann seachtmhaine chuaidh Seán siar go dtí an tig mór cun an duine uasal nuadh a fheisgint. Taithn sé go maith lé Seán agus nuair tháínig sé abhaile chúm sé amhrán deas ag failtíú an duine uasail. Bhí an sean bhean a bhí ins an dtig an mhór lé Seán i gcomhnuidhe agus bhí bród uirthe nuair chuala sí an t-amhrán bréagh a chúm Seán. D'iarr sí ar a climahan isteach lá "Cad é do mheas ar an bhfáilte sin a chuir Seán romhat" ar sise "O" ars an fear óg "tá cailleach cearc ag'am' mháthair sa baile i gCiarruidhe agus chuirfeadh sí fáilte níos fearr romhainn (?). Ní raibh an tsean bhean ró bhuidheach do ach nior dhubhairt sí dada(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Furroor, Co. Clare