School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Go mbeannuighidh Dia is Muire is Colm Cille,, Peadhar, Dia is a dhá aspol deag agus Rí na Glóire isteach annso. Tá mé fhéin ag iarraidh cuid na huaire seo, cuid na huaire atá lé teacht agus cuid na huaire nár tháínigh fós 'ghá impidhe ar Dhia is ar Muire, Micheál Naomhtha Árd Aingeal ró-naomhtha an Tighearna do bheithidhig do shábhailt ó anaithe 'na dteachpreab coinlín, béam rúitín
searrtha lín, súil droch-dhuine
nó anál an bitheamhnaighEirigh suas a bhean mhaith a' tighe agus nár cráid Dia do croidhe agus tabhair duinn ceapaire ar dath do leacain a beidh míle ar fhaidh ann agus léím caillighe d'ím air. Suidh féin 'im chuibhreaim agus nár lugha de i n-iosfair de. A Mhuireann óíg, dein mo réir le h-úr glas le huisge le tobach nó méirlín blonóige le haghaidh na coise tinne. Dein mo réir le h-anbhruith caoir-fheola nó lomra olna a bhean a' tighe(Labhrann bean a' tighe agus deireann sí)
"Cár ghluais tú chughainn a Bhachaigh?"
(Freagrann sé mar lenas)
Anoir is aníar is andeas
Tré bhéal an dorus isteach
Tré ínse na gcolcaighe(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Ó Conmhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Furroor, Co. Clare