School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. Clare
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 009
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Jack of the Lantern.
    Tá creidimh ann mar geall ar "Seoilín" (?) san oidhche. Bíonn an soillise ag cur daoine amú. Deirtear dá gcuirtheá duine taobh istigh da chóta go dtí an taobh amuigh na mbeadh aon baoghal air)

    Bhí gabha ann fadó gurb ainm dó Seanín Tháinig ár Slánuightheoir isteach cuige lá agus asal aige. D'iarr sé ar Sheanín cruidhte do chur faoi. Do chuir an gabha na cruidhte fé'n agus nuair bhí san déanta aige dubhairt ár Slánuightheóir leis na trí neith ba mhaith leis a lorg air go bhfagadh sé uaidh iad. An ceud nídh arsa Seanín an cheud duine a shuidhfidh ar an gcathaoir é do cheangal innti. An tarna nídh arsa an gabha mo phochaí bheith lán d'ór agus da'irgead i gcomhnuidhe agus an tríomhadh ceann, an ceud duine a raghadh isteach ins an mealbhóig é do cheangal istigh ionnta. Annsin d'imthig ár Slánuightheóir uaidh agus i gcionn tamaill tháinig an t-Áidhbheirseóir cuige. Dubhairt Seanín leis dul isteach san mealbhóig. Do chuaidh an t-Aidhbheirseóir isteach ann, ach má chuaidh do cheangal é istíg innti. Annsan chuir Séanín córda ar bheul na mealbhóíge agus bhuail siar ar a dhrom í.
    Bhí sé ag imteacht go nó go dtáinig sé go dtí muileann leis. Dubhairt sé leis an muilteóir an mealbhóíg sin do mheilt dó. Dubhairt an muilneóir ná dhéanfad sé ach nuair thug Seanín dorn airgid dó, do mheilt sé dhó í. I gcionn seacht mbliadhain do chailleadh Seanín agus nuair chuaidh sé go dtí an Fhlaitheas dubhairt ár Slánuightheóir leis gur dhein sé deamhradh ar an t-anamh nuair bhí sé ar an saoghal. Do chuir sé go h-Ifreann é, ach má chuir ní leigfeadh an t-Áidbheirseóir isteach é. Dubhairt sé leis dul go dtí an Fhlaitheas arís. D'imthig sé go dtí an Fhlaitheas arís agus thug ár Slánuightheóir leanntaír agus coinneal dó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chudathaighe
    Gender
    Female
    Address
    Inagh, Co. Clare
    Informant
    Seán Ó Cudathaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Ballyduff Beg, Co. Clare