School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (1)Bhí baintreach ann uair amháin agus bhí triúr mac aici. Ní raibh oiread as aon fhocal beúrla aca, ach bhí a Ghaoluinn go líomhtha acu. Aon lá amháin dubhairt an mach ba shine go raghadh sé ar lorg béurla. D'imthigh sé leis, agus tar éis cúpla lá d'fhíll sé abhaile go bródhamhail, agus beúrla aige. 'Sé an méid a bhí foghlumtha aige ná "We three." Nuair tháinig sé abhaile d'imthigh an tarna mhach ar an dturas céadna agus ar teacht abhaile dhó icionn cúpla lá is é an méid beúrla a bhí agie ná - "All right." Nuair a tháinig an treas mhach abhaile - bhí béarla aige leis, "To get money."
(II)Tamaill 'na dhiaidh sin bhí an triúr ag siubhal an bhóthair. Fuaireadar fear sínte air, tamaillín. Tháinig gárda-síochcána suas leo, agus nuair do chonnaich sé cad do bhí tar-éis tuitim amach do labhair sé leo mar seo. - "Gárda -" (as béurla) "-Cé mhairbh an fear sin?" An chéád mhach - "We three," garda (?) - Cróchfear sibh". An 2adh mhach, - "All right," agus do réir an scéil do crochadh an triúr gan chúis. Pádraigh Mach Mathghamhna,
70 de bhliantaibh
Gleann Doimhin
Sráid na Cathrach- Collector
- Pádraigh Mach Mathghamhna
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Address
- Glendine North, Co. Clare
- Informant
- Caitlín Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female