Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. Clare
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 011
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh tinncéir isteach go dtí tígh an t-sagart uair amháin. Bhí an sagart óg agus an sagart pharóíste istig. D'innis an fear bocht a sgéal dóib agus d'íarr sé airgead ar na sagairtibh. Thug an sagart óg raol dó agus thoisnui sé ag gábháil buidheachais, "go sábhálaidh Día thú ar seisean." Thug an sagart pharóiste dhá scilling dó agus bhí sé mór buidheach dó, "Go sabhálaidh Día is Muire thú ar seisean. D'íarr an sagart óg air cad é an deifríocht atá idir, Go sabhálaidh Día agus go sabhalaidh Díá is Muire thú, A athair arsa an fear bocht scilling is réal.
- Bhí fear bocht aon uair amháin ag siúbhal an bhóthair. Do bhí an lá té agus do bhí ana-thart ar an bhfear bocht. Do bhuail sé fé dhéin tíghe fheirmeóra. D'iarr sé deoch ar mhnaoi an tighe sin acht ní fhuair sé í. Cé go raibh fiche bó ag muinntir ag tighe sin ní thabharfadh bean an tighe deoch don duine bocht D'imthigh sé leis. Chonnaich sé tigh beag cinn tuighe in aice an bhóthair agus bhuail sé na treó.
"Ar lorg díghe a tháinigh mé chúghat," a bean mhaith ar seisean leis an mnaoi a bhí sa tigh sin. "Muise go bhfóiridh Dia orainn", ar sise, "ní bhíonn de bhainne agam'sa acht an braoinín a cheannuighim ó mo comharsain acht an braon beag atá istig agam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonnaighle
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Chonnaighle
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. Clare