Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “Laethanta Áirithe agus Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá a lán daoine mór thimpeall na háite seo a bhfuil pisreóga acha. Chur igcás ní thosneóchadh siad ag baint fhéir¬ nó ag baint móna go dtí an Aoine.
    Tá ceann eile ann leis, ná leigfidís bainne amach as an tigh lá Bealtainne. Cuireann siad an eocair ar dhóirsibh na gcabán an oidhche sin.
    Ceann eile ní chuirfidís ceárr ar capall lá le Mháirtín, mar sin éan lá a muillead Mháirtín san mhuill.
    Fadó bhí beirt ban ag cloithng flax, lá Mháirtín. Bhí sé ag éirghe déanach san tráthnóna, agus, dubairt duine acha, go raibh sé in am dóibh stad, mar gurb lá le Mháirtín a bhí ann. “Éist do bhéul a óinsín arsan ceann eile, “níor tháinig Máirtín treasna na habhann fós, mar bhí abha in aice na háite.
    Tá lán daoine ann, agus ní dhéanfaidís aon obair, an cúigiú lá deag de mhí Lughnas. Sin lá saoire tá’s agat. Seo sgeal beag idtaobh an lae sin.
    Bhí fear ann fadó, agus bhíodh sé ag baint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge