School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. an Chláir
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 045
  3. XML “Lahinch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I Leath Inise san áit ina bhfuil an Promenade anois, (bhí tighthe san áit ina bhfuil an fhairrge anois) Bhí sráid ann, agus bhí a lán tighthe amuigh san áít a bhfuil an fhairrge anois. Deir sean daoine é sin pér domhan é. Deirtear go raibh storm ann agus gur sguabadh na tigthe as an áit.

    Tháinig tóirneach agus teintreac mór san blian 1905. Do bhí fear darb ainm Seán Ó Fráighle o Shanaway, Sráid na Cathrach ag sabháil fhéir ins an móinfhéir agus thosnuigh an tóirneach ar a ndícheall. Do nocht sé na nealta móra dhubha a bhí san spéir acht cheap sé ná tiocfadh an tóirneach cómh tapaidh is a tháinig sé. Cheap an fear bocht ná bhead morán ann, acht ní mar sin a bhí an sgeal aige. Do bhí a theach timceall leath míle ón móinfhéir agus bhí cúpla páistí in éinfeacht leis, agus dubhairt sé leóibh dul abhaile cómh tapaidh is a bhféidir leo, agus go bhfanfadh sé féin tamall eile bheug eile cun an féir do bhailiú.
    Annsan iseadha thosnuig an tóirneach mór ag seideadh mór thimceall dhe. Rith sé go dtí cró beug agus shín sé é féin ar an urlár, mar níorbh fhéidir leis seasamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Maire Ní Mhathúna
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Letterkelly, Co. an Chláir