School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus mar sin de leaghtha ortha. Anuas ar íád go léír bhí campa mhór. Mar bhí ar an sagart dul i bhfolach mar bhí tóír trom ag na saighdiúirí agus na droc fir eile a bhíodh ag creachadh na h-eaglaisí. Nuair a bhíodh an tóírneach sé sin na saighdiurí ag teacht , bhí poll mór doimhin déanta ag na daoine ins na gcarraigeacha mhóra agus áit cun suidhe ann istigh. Agus nuair a ragadh an sagart isteach ann bhí na daoine ábalta é do dhúnadh, agus d'osgailte arís. Leagaidís carraigheacha mhóra taobh amuigh den phuill, agus ní cuireadh na saighdiúrí suim ar bith ar an gcoirnéal ag gabháil thart. Acht theip ar an cleas sin ar deire agus chonnaic na saighdiúirí é lá amháin. Bhíodar ag gabháíl thart agus chonnaiceadar na daoine ghá dhúnadh. Agus bhí ar an sagart dul amach as, agus coimead na daoine na saighdiúirí amach go dtí gur éirig leis bóthar maith ortha de shiubhal cos. Leanadar é agus d'éirigh leis léím thar abhann mhór, agus theip ortha teacht suas leis. Bhí an abha seó inaice le tobar Naomh Sheósamh, agus go minic tugtar Líém an tSagairt air. Leanadar é agus chuireadar an saighdiúr bfearr a bhí achu na dhiaidh agus níor éirigh leis é do(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Mhathúna
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Letterkelly, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Gill Máirtín
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Letterkelly, Co. Clare