School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
![The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 093](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_093.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 093
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dubhairt leis an mnaoi mar gheall ar an uirlis. Thug sí cathaoir dhó suas le comhra. Dubhairt sí ná fhéádfadh sí féín dul suas leis. Nuair a chorm sé síos cun é do thógaint chaith sí an mach isteach san gcomhra, agus do dhúin sí é agus chuir sí an glas air. Dubhairt sí go mbéigean leis fanacht ann go dtí go dtiochfadh a fear agus a mac féin slán abaile dhí.Bhí mac an gobáin saoir cun posadh uair amháin. Agus bhí lán de mhála óír aige agus tháinig cailín cun é do phósadh, agus thaisbeán sé an óir di, agus dubhairt sí go raibh sé ana dheas, agus dubhairt cailín eile an rud céadna, agus thug sé an doras dóibh. Tháinig an tríomhadh cailín agus phós sé an cailín sin agus chuadhaar go dtí sagart cun airgid an pósadh do thabhairt dhó. Bhí an croidhe san airgead ag an mac agus thug siad deich sgilling dhó agus bhí sé ana shásta. Bhí stáisiún ins an tig cúpla mí na dhiaidh san agus nuair chuaidh an sagart cun a bhricfeasta cad do lag sí síos acht, tea leaves, agus do chaith sí an tae amach an doras. Cad é san arsan sagart, tae a athair arsan bhean. A óínsín arsan sagart ní hé sin tae acht, tea leaves. Agus dubhairt(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Mhathúna
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Letterkelly, Co. Clare