School: Synge, Inagh (roll number 14440)
- Location:
- Glennageer, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Flynn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Synge, Inagh
- XML Page 299
- XML “Sceach Mhac an Chró”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I gceart lár Conndae an Chláir, thimcheall le deich míle leat-is-tsiar d'Inis, ag bun Sléibhe Challáin, tá gleann beag uaigneach ar a nglaodtar, anuas go dtí an lá atá ann indiu, baile Mhic an Chró. Is fuar fiadhain an áit é, agus is bocht an talamh atá ann, go deimhin ba deachair do dhuine slighe beathadh do bhaint amach ann in aon chor. Acht pé'r domhain é timcheall le céad bliadhain ó shoin, bhí fear d'arbh ainm Seaghan Mac Domhnaill in a chomhnuidhe sa mbaile úd.
Bhí bothán suarach aige i lár an phortaigh, agus ba chruaidh mí- cairbheach an saoghal a bíodh aige ag obair moch is deidheannach ag iarraidh cíos trom a dhíol agus slighe beathadh a shaothrughadh dó féin is dá mhuirighin fhada.
Fear cneasta cóir beadh Seaghan. Ní raibh sé ina nadúr a bheith ag turmus ná ag cnaimhseáil fá na chruadh-chás i gcomhnuidhe. Ba ghnáthach leis an saoghal a thógaint go bog réidh, agus do mhair sé go sona sásta go leor. Acht, má bhíodh a laetheanta anrótach féin do bíodh a oidhcheanta suaimhneasach má bhíodh sé ag obair go cruaidh i rith an lae, chodlóchadh go headarthrath lá ar na bhárach(continues on next page)