School: Synge, Inagh (roll number 14440)

Location:
Glennageer, Co. Clare
Teacher:
Máirtín Flynn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Synge, Inagh
  2. XML Page 300
  3. XML “Sceach Mhac an Chró”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus bhíodh sé ag taidhbhreamh go minic. Oidhche a bhí sé sínte ar a leabain, agus é 'na chodladh, bhí taidhbhreamh ionghantach aige, Ceapadh dó, dá dtéidheadh sé go droichead i gcathair Luimnigh, go bhfaigheadh sé sparán lán d'ór agus d'airgead ar leacannaibh an droichid. Foillfigheadh dhó an sparán agus an áit in a raibh sé le fagháil aige chomh cruinn sin gur bhféidir dó an taidhbhreamh a glaodach chum a chuimhne ar maidin nuair d'éirigh sé, acht sé a chuir ionghantas air, ar fad , nuair a tháinig an taidhbhreamh áirithe céadna chuige an dá oidhche in a dhiaidh sin. Nuair a dhúisigh sé, maidin an tríomhadh lae, dubhairt sé leis féin, go dtiubhradh sé turas go dtí droichead Luimnigh, agus bfhéidir go dtiocfadh a taidhbhreamh fíor. Ní túisge do bhí grian moch an t-Samhraidh in a suidhe ná phreab sé as a leabain, agus tar éis beagán bidh a caitheamh, is gan fógra na eile do thabhairt dá mhnaoi ar an dturus a bhí sé chum a dhéanamh, bhuail sé an bóthar mór go Luimneach agus dócas árd in a croidhe istigh. Dá fhaid an bóthar, níor bhfada bhí sé gá chur de, agus sul dá raibh morán daoine in a suidhe sa gcathair bhí Seaghan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Location
    Skaghvickincrow, Co. Clare